Ceisteanna Coitianta faoi Earcaíocht

Two woman looking at a sheet of paper

Tá gach eagraíocht éagsúil agus ba mhaith linn, mar sin, treoir chabhrach a thabhairt duit maidir leis an bpróiseas earcaíochta i mBanc Ceannais na hÉireann.

Sa chuid seo, gheobhaidh tú freagraí ar cheisteanna coitianta maidir leis an gcaoi ina n-oibríonn ár bpróiseas féin. Seans go mbeadh sé úsáideach freisin breathnú ar ár Moltaí Agallaimh maidir leis an gcaoi inar ceart duit tú féin a ullmhú agus a chur i láthair ar an lá.

 

Athraíonn an próiseas ag brath ar an ról atá i gceist ach go hiondúil bíonn iarratas ar líne, measúnú mianaigh agus agalla(i)mh i gceist. I gcás ina dtairgfear post duit ina dhiaidh sin, beidh imréiteach slándála agus seiceálacha teistiméireachtaí i gceist freisin.
Fógraímid folúntais - le haghaidh céimithe, gairmithe leibhéil iontrála agus gairmithe a bhfuil taithí acu - i bhFolúntais Reatha ar ár suíomh gréasáin. 

Foilsítear róil i bhFolúntais Reatha ar ár suíomh gréasáin. Ní ghlacaimid ach le hiarratais, iarratais amhantracha san áireamh, a chuirfear isteach tríd an suíomh gréasáin.

Aon iarratais a dhéanfar trí LinkedIn agus Irishjobs.ie, déanfar iad sin a threorú go huathoibríoch trínár suíomh gréasáin.

 
Gheobhaidh tú ríomhphost uathoibríoch uainn á rá go bhfuarthas d’iarratas. Mura bhfaighidh tú é seo, déan teagmháil le [email protected].
A luaithe a bheidh an dáta deiridh le haghaidh iarratas thart, déanfaimid gearrliosta de na hiarrthóirí. Gach duine a chuirfear ar an ngearrliosta, coimeádfar ar an eolas iad maidir le gach céim den phróiseas tríd an seoladh ríomhphoist a bheidh curtha ar fáil acu.
Cuirfear ríomhphost chuig na hiarratasóirí go léir i ndiaidh phróiseas an ghearrliostaithe, rud a tharlaíonn go hiondúil laistigh de dheich lá ón dáta deiridh. 
Is féidir na scóir ó mheasúnuithe mianaigh a choinneáil ar feadh suas le dhá bhliain. Dá bhrí sin, má tá measúnú mianaigh déanta agat le dhá bhliain anuas agus má bhaineann an measúnú mianaigh sin leis an ról a bhfuil tú ag cur isteach air anois, cuir é sin in iúl dúinn le do thoil. Is féidir leat ríomhphost a chur chuig [email protected] chun fiosrú a dhéanamh. 
Go hiondúil, bíonn agallamh amháin, nó uaireanta dhá agallamh, le haghaidh gach poist. Féadfaidh go n-athróidh sé sin, áfach, ag brath ar leibhéal an róil atá i gceist. Aon iarrthóirí a ghearrliostófar le haghaidh agallaimh, cuirfear ar an eolas iad maidir leis na céimeanna ábhartha den phróiseas agus tabharfar sonraí iomlána dóibh maidir leis an agallamh. 
Is féidir. Is féidir leat iarratais iolracha a dhéanamh. Moltar duit gan cur isteach ar phoist mura gcomhlíonann tú formhór na riachtanas ina leith.
Is féidir. Molaimid do dhaoine iarratais eile a dhéanamh.

Aon ról atá fógartha, tá siad ar fáil láithreach. Comhaontófar dátaí tosaigh leis na hiarrthóirí a n-éireoidh leo, faoi réir a dtréimhsí fógra etc.

Is folúntais reatha iad na folúntais go léir atá fógartha agus, dá bhrí sin, ba cheart go dtosódh an fhostaíocht ag cibé tráth a bheidh ceaptha. Aon duine atá ag cuimhneamh ar thaisteal/staidéar breise a dhéanamh, molaimid dóibh fanacht go mbeidh sé sin críochnaithe acu sula gcuirfidh siad isteach ar phost.

Tairgimid pacáiste cuimsitheach luacha saothair ina gcuimsítear bunphá agus raon buntáistí. Tá ár luach saothair bunaithe ar bheartas ginearálta pá de chuid na hearnála poiblí, agus tá ár dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta cumhdaithe ag an reachtaíocht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail.

Má thosaíonn tú ag obair linn, beidh tú i dteideal buntáistí éagsúla. Na cinn seo san áireamh:

  • Scéim sochar sainithe pinsin 
  • Deiseanna forbartha pearsanta agus oiliúna den scoth  
  • Raon leathan roghanna tacaíochta oideachais
  • Saoire bhliantúil fhlaithiúil
  • Saoráidí den scoth i suíomh tosaíochta i lár na cathrach
  • Club fóirdheontais Spóirt & Sóisialta agus bialann fóirdheontais foirne.

Faigh tuilleadh eolais faoinár luach saothair agus buntáistí.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na róil éagsúla san eagraíocht agus faoin luach saothair ina leith, léigh ár ndoiciméad ar Scálaí Pá.
Teastaíonn uainn go ndéanfaidh tú do dhícheall san agallamh. Breathnaigh ar ár Moltaí Agallaimh chun cuidiú leat ullmhú.
De bharr líon ard na n-iarratas a fhaighimid, ní féidir linn aiseolas a thabhairt ag céim an iarratais. Má dhéantar tú a ghearrliostú, áfach, agus mura n-éiríonn leat sa phróiseas ina dhiaidh sin, is féidir leat aiseolas a iarraidh ar do theagmhálaí Earcaíochta ag an bpointe sin. 

Is féidir leat saol oibre sásúil agus tairbheach a bheith agat anseo. Tá neart feidhmeanna ilghnéitheacha againn, mar sin beidh tú ag obair le daoine a bhfuil taithí agus saineolas acu ar réimse leathan ábhar. Bíonn an obair spéisiúil agus ceannródaíoch go minic i gcomhthéacs Éireannach agus Eorpach. Agus chun ár gcuid dúshlán oibre a chúiteamh, tá club bríomhar Spóirt & Sóisialta mar aon le gníomhaíochtaí catharnúla agus gníomhaíochtaí um fhreagracht shóisialta chorparáideach.  Tá atmaisféar cairdiúil, tacúil agus comhghleacúil ann mar aon le neart deiseanna le haghaidh forbairt phearsanta agus ghairmiúil.

Breathnaigh ar an saol oibre a Bhanc Ceannais.  
 

Táimid meáite ar a chinntiú go bhfuil caighdeáin cúraim den chéad scoth againn i leith an chomhshaoil. Tá ár bhfoirgneamh nua ag Campas Cheantar na nDugaí ar cheann de na hoifigí “is glaise” in Éirinn agus féachaimid lenár n-obair laethúil a chur i gcrích ar an modh is coinsiasaí agus is féidir.

Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi ina mbainistímid ár bhfreagrachtaí comhshaoil – táimid fíorbhródúil as. 

Tá sé an-tábhachtach dúinn agus eagraímid clár gnóthach imeachtaí gach bliain dírithe ar ghealltanais FSC dár gcuid. Breathnaigh ar na gníomhaíochtaí a mbíonn baint againn leo.

Má tá ceist agat faoi chúrsaí earcaíochta nach gclúdaítear anseo, cuir ríomhphost chuig [email protected].