Nuacht

Deimhnithe ag an mBanc Ceannais go bhfuil suíomh d’ionad nua airgid thirim ceannaithe

14 Feabhra 2025 Preas Ráiteas

Glass roof

D’fhógair Banc Ceannais na hÉireann inniu (an 14 Feabhra 2025) go bhfuil suíomh faighte ar a ndéanfar ionad nua airgid thirim a fhorbairt.

Tá aontaithe ag an mBanc Ceannais 29.5 acra talún a cheannach i mBaile Seiscinn, Fionnghlas, ar chostas €14m agus go bhfuil rún ionad airgid thirim a fhorbairt ansin ach cead pleanála a fháil chuige sin. Le ceannach an tsuímh seo, tugtar próiseas roghnúcháin docht chun críche.

Leag an Banc Ceannais amach i mí na Nollag 2022 a chinneadh ionad nua airgid thirim a fhorbairt ar shuíomh eile i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus an suíomh in Áth an Ghainimh a dhíol. I rith na 1970idí a tógadh na foirgnimh atá in úsáid in Áth an Ghainimh agus ní bheidh siad fóirsteanach don chúram i bhfad eile.

Deir Marcella Flood, an Príomh-Oifigeach Oibriúcháin i mBanc Ceannais na hÉireann: “Céim shuntasach atá á fógairt inniu maidir le gné bhuntábhachtach bonneagair a chur ar fáil chun leasa na tíre. Léirítear leis go bhfuil an Banc Ceannais agus an tEurochóras tugtha d’airgead tirim a bheith ar fáil mar mhodh íocaíochta. Is beart mór infheistíochta an t-ionad nua airgid thirim ag an mBanc Ceannais agus déanfar é a mhaoiniú as acmhainní an Bhainc féin.

“Rachaidh an Banc Ceannais ar aghaidh anois leis an gcéad chéim eile den tionscadal seo trí dhearadh mionsonraithe a ullmhú agus trí iarratas a dhéanamh ar chead pleanála. Meastar i gcónaí nach mbeidh ionad nua airgid thirim ar fáil go ceann seacht mbliana ar a laghad. Go dtarlaíonn sin, leanfar leis an obair in Áth an Ghainimh agus cothófar caidreamh lánchuimsitheach le muintir an bhainc agus le páirtithe leasmhara eile de réir mar a thugtar an tionscadal tábhachtach seo chun cinn.”