Nuacht
Easy Fundr - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
24 Aibreán 2025
Warning Notice

Rabhadh: | Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Easy Fundr |
Suíomh gréasáin | https://easyfundr.com/ |
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
Uimhir ghutháin a úsáidtear | +353 830 379 9206 +353 83 813 1978 (Liostaithe mar WhatsApp amháin) +353 83 480 6012 +353 1 263 0969 +353 83 113 3636 +353 830 366 257 |
Údarú in Éirinn | Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn. |
Faisnéis Bhreise | Is sampla é an chamscéim seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit a n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh. Rinne an t-eintiteas calaoiseach clónáil ar shonraí gnólachtaí atá cláraithe ag an mBanc Ceannais d’fhonn an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir gnólachtaí atá cláraithe ag an mBanc Ceannais agus an gnólacht neamhúdaraithe. |
Tuilleadh faisnéise | Tá an t-eintiteas camscéime ceangailte le heintitis chalaoiseacha eile a bhfuil camscéimeanna calaoise réamhtháille á ndéanamh acu faoi na hainmneacha seo a leanas: - Loan Vendors
- Round Finance
- Moore Money Lenders
- MLM Group Loans
- My Credit Bucks
|
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.