Nuacht
Sonraí nua faoi chaimiléireacht íocaíochta in Éirinn foilsithe ag an mBanc Ceannais
24 Eanáir 2025
News Categories - Irish

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann inniu (an 24 Eanáir) páipéar nua Míniú na Sonraí (MNS) maidir le hábhar staidrimh faoi chaimiléireacht íocaíochta in Éirinn. Tugtar léargas sa MNS seo ar chalaois íocaíochta in Éirinn i rith na mblianta 2022 agus 2023 agus sin i ndáil leis na príomh-mhodhanna íocaíochtaí lena n-áirítear aistriú creidmheasa, íocaíocht le cárta, ríomh-airgead agus dochar díreach. Scrúdaítear freisin an éagsúlacht idir cineálacha caimiléireachta maidir le modhanna éagsúla íocaíochta, cé na cineálacha calaoise is coitianta agus cé mhéad airgid a théann le sruth mar gheall ar chalaois.
Is mó an t-ábhar imní a bhaineann le híocaíochtaí calaoiseacha san Eoraip go háirithe agus an margadh digiteach faoi athrú go tréan. Téann caimiléirí i muinín mhodhanna nua arís agus arís eile le míleas a bhaint as córais dhigiteacha agus bearta slándála a sheachaint, rud a chosnaíonn na milliúin ar ghnólachtaí agus ar dhaoine gach bliain.
Léirítear sa MNS seo go bhfuil ardú ar an leibhéal calaoise in Éirinn ach go bhfuil rátaí na hÉireann níos ísle ná meánrátaí AE maidir le mórchuid na modhanna íocaíochta agus gur íocaíochtaí cárta an cás eisceachta ina leith sin.
Bhain tuairim is 98% den chaimiléireacht de réir luacha maidir le híocaíochtaí cárta le ‘ordú íocaíochta arna eisiúint ag an gcaimiléir’. Tarlaíonn sé seo sa chás go mbaineann caimiléir úsáid as faisnéis faoi chárta nó faoi chuntas nó as faisnéis phearsanta a goideadh chun íocaíocht a dhéanamh.
Tarlaíonn ‘Calaois trí Íocóirí a Ionramháil’ nuair a bhaineann caimiléir úsáid as cumadh cúinse nó pearsanú chun a áitiú ar íocóir íocaíochtaí a dhéanamh leis, agus is ríléir sin maidir le híocaíochtaí le haistriú creidmheasa agus íocaíochtaí r-airgid. Maidir le haistriú calaoiseach creidmheasa, tháinig ardú ar chalaois trí íocóirí a ionramháil ó 27% sa chéad leath den bhliain 2022 go dtí 42% faoi dheireadh na bliana 2023.
Baineann ‘idirbhearta íocaíochta neamhúdaraithe’ níos mó le híocaíochtaí trí dhochar díreach sa chás go bhfaigheann an caimiléir sonraí an chustaiméara agus go socraíonn sainordú gan údarás an íocóra chuige sin. Is le calaois den chineál sin a bhain níos mó ná 99% de gach dochar díreach calaoiseach agus bhain an cás eisceachta sa dara leath den bhliain 2023 le cás aon uaire a rangaítear sa chatagóir seo.
Tarlaíonn ‘Athrú ar Ordú Íocaíochta ag caimiléir’ nuair a thagann caimiléir ar ordú íocaíochta dlisteanach agus go gcuireann athrú air. Is annamh a tharlaíonn (níos lú ná 2% d’iomlán na caimiléireachta de réir luacha) agus is i ndáil le haistriú creidmheasa amháin a tugadh chun suntais é.
Trí aistriú creidmheasa a eagraítear tuairim is 60% (de réir luacha) den chalaois cé nach mbaineann níos mó ná 4% de líon iomlán na mbeart calaoiseach le hidirbhearta den saghas sin. Is amhlaidh gur minic aistriú creidmheasa a úsáid maidir le suimeanna móra a íoc i gcomparáid leis na suimeanna a bhaineann le modhanna eile íocaíochta in Éirinn. Bhí €70m agus 24,000 idirbheart i gceist le caimiléireacht i ndáil le haistriú creidmheasa sa bhliain 2023.
Is léir ón MNS freisin gur aistríodh an fáltas ó íocaíochtaí calaoiseacha go dtí cuntais taobh amuigh d’Éirinn i mórchuid mhór na gcásanna. Is minice a tharlaíonn cásanna calaoise nuair nach mbíonn bearta amhail fíordheimhniú láidir custaiméara (FLC) de chuid AE i bhfeidhm.
Nithe eile is léir ó na sonraí:
- Tháinig ardú 26% ar luach iomlán na n-íocaíochtaí calaoiseacha sa bhliain 2023, go dtí €126m i gcomórtas le €100m sa bhliain 2022.
- Tá an ráta calaoise in Éirinn íseal mar sciar de líon iomlán na n-idirbheart. Ráta 0.001% atá i gceist maidir leis an luach, ráta 0.01% maidir le líon na n-idirbheart.
- Le híocaíochtaí cárta a bhaineann an ráta calaoise is airde maidir leis na modhanna íocaíochta agus tá 0.034% de na híocaíochtaí cárta, de réir luacha, calaoiseach.
- Bhí 50% de réir luacha den chalaois a bhain le híocaíochtaí leictreonacha, €52 milliún sa bhliain 2023, nár tharla fíordheimhniú trí Fhíordheimhniú Láidir Custaiméara ina leith.
- Le híocaíochtaí cárta ar líne a bhain €37.4m nó 86% den luach iomlán a bhain le calaois cártaí sa bhliain 2023.
- Tá méadú faoi thrí agus níos mó tagtha ar luach chalaois seoltán airgid, ó €2.5m sa bhliain 2022 go dtí €8.2m sa bhliain 2023.
- Tháinig ardú tuairim is 60% ar luach iomlán na n-íocaíochtaí calaoiseacha i rith na mblianta 2022-2023 ar bhain íocaíocht trasteorann leo, €77m sa bhliain 2023 i gcomórtas le €64m sa bhliain 2022.
Tugann an Banc Ceannais tús áite d’oibriú i gcoinne calaoise sa chóras airgeadais trí chomhoibriú go dlúth le lucht chur i bhfeidhm an dlí, le gníomhaireachtaí eile Stáit agus le rialtóirí comhchéime. Sa chás go dtugann an Banc Ceannais chun aire go bhfuil bearta coireachta á ndéanamh sa chóras airgeadais, oibrítear leis an nGarda Síochána agus le gníomhaireachtaí eile a bhíonn chun tosaigh maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh i gcásanna coireachta.
Chuir an Banc Ceannais feachtas ar siúl sa bhliain 2024 d'fhonn cuidiú le tomhaltóirí caimiléireacht a sheachaint. Tá eolas breise faoi mhodhanna chun caimiléireacht a sheachaint ar fáil ar www.centralbank.ie/sceamálacha nó is féidir le tomhaltóir glaoch orainn ar 0818 681 681.
Más mian leat eolas breise a fháil faoi chaimiléireacht a sheachaint, féach: www.centralbank.ie/sceamálacha