Brexit - Ceisteanna Coitianta ón bPobal

Brexit FAQ

Tá eolas ginearálta ar fáil sna ceisteanna coitianta seo maidir leis na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag Brexit. Déanfaimid é a nuashonrú go rialta fad is a théann an plé maidir le Brexit ar aghaidh agus fad is a thagann ceisteanna nua agus freagraí chun cinn.

Ceisteanna Ginearálta

Bhí an Banc Ceannais ag obair ar Brexit sular tharla an Reifreann fiú. Cé go bhfuilimid ag súil leis an toradh is fearr, leanaimid orainn ag ullmhú i gcomhair na dtorthaí is measa, Brexit “crua” nó Brexit “gan chomhaontú” san áireamh. Tá an cur chuige rialála atá againn ag teacht le nósanna stuama Eorpacha, nósanna a n-imrímid tionchar orthu.

Tá geilleagar na hÉireann an-leochailleach do rioscaí ó Brexit.  Tá ceangal láidir idir geilleagar na hÉireann agus geilleagar na Ríochta Aontaithe.  D’fhéadfadh dúshláin shuntasacha a bheith roimh an ngeilleagar intíre agus trádáil trasteorann de bharr Brexit mí-ordúil.

Táimid ag súil go mbeidh gnólachtaí réalaíoch agus go mbeidh siad ag ullmhú do gach cás féideartha.  Leanfaimid orainn ag cur brú ar ghnólachtaí seirbhísí airgeadais le cinntiú go bhfuil dóthain ullmhúcháin déanta acu chun déileáil le héifeachtaí féideartha Brexit, ionas nach gcuirfear isteach go rómhór ar chustaiméirí. Leanfaimid orainn ag obair le gnólachtaí rialáilte le cinntiú go bhfeidhmíonn siad chun do leasa.  Tá san áireamh leis sin tomhaltóirí a choimeád suas chun dáta maidir le haon ní a chuirfidh isteach orthu, ionas go mbeidh siad in ann a gcuid pleananna féin a dhéanamh.

Tá formhór na ngnólachtaí ag laghdú na rioscaí sin, ach is dócha go mbeidh roinnt rioscaí ann fós, fiú agus ullmhúchán maith déanta.

Ón uair a vótáil an Ríocht Aontaithe chun an tAontas Eorpach a fhágáil, tá an Banc Ceannais ag tabhairt treoracha do ghnóthlachtaí pleananna teagmhasaha cuí a bheith i bhfeidhm chun leanúnachas gnó a chinntiú agus chun dul i ngleic leis na príomhrioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn de bharr Brexit.  Táimid fós ag faire ar an dul chun cinn sa réimse sin.  Sna cásanna ina mbeadh an tionchar is mó ag Brexit, tá iarrtha ag an mBanc Ceannais ar ghnóthais sonraí a gcuid pleananna teagmhasacha a chur ar fáil i gcomhair measúnú.

Tá formhór na mbanc údaraithe, na ngnólachtaí árachais agus na mbróicéirí Éireannacha tar éis faisnéis a chur ar fáil dúinn maidir leis an measúnú atá déanta acu ar na rioscaí a bhaineann le Brexit, chomh maith lena bpleananna teagmhasacha agus amlínte.  Measaimid go bhfuil dóthain ullmhúcháin déanta i bhformhór na gcásanna.  I roinnt cásanna, níl an oiread dul chun cinn déanta agus a rabhamar ag súil leis.  Cé go dtuigimid go bhfuil éiginnteacht ann ó thaobh na polaitíochta a bhaineann le Brexit, táimid fós ag tabhairt dhúshlán na ngnólachtaí sin maidir lena bpleananna teagmhasacha agus an dul chun cinn atá déanta acu go dtí seo. 

Leanaimid orainn ag déileáil leis na húdaráis rialála sa Ríocht Aontaithe agus i nGiobráltar le cinntiú go bhfuil gnólachtaí a chuirfidh seirbhísí airgeadais ar fáil in Éirinn tar éis Brexit ar an eolas faoina n-oibleagáidí reachtúla. I gcás nach bhfuil gnólacht tar éis déileáil leis an mBanc Ceannais, scríobhamar chucu lena gcur ar an eolas go mbeidh orthu an t-údarú is gá a fháil i gcás Brexit ‘crua’ nó Brexit ‘gan chomhaontú’ chun leanúint d’fheidhmiú in Éirinn. Maidir le gnólachtaí nach bhfuil an t-údarú cuí acu, ní bheidh rogha acu níos mó seirbhísí a chur ar fáil in Éirinn ar bhonn Saoirse Bhunaíochta nó ar bhonn Saoirse Seirbhísí.

Mar thoradh ar chinneadh na Ríochta Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach, tá réimse leathan gnólachtaí lonnaithe sa Ríocht Aontaithe ag iarraidh údarú ón mBanc Ceannais chun cuid dá ngníomhaíochtaí a athlonnú ionas gur féidir leo leanúint de sheirbhísí a sholáthar san Aontas Eorpach tar éis Brexit. Táimid tar éis níos mó daoine a fhostú agus cuid den fhoireann shinsearacha a bhogadh chun bainistiú a dhéanamh ar an líon mór iarratas atá le próiseáil in am gairid. Agus measúnú á dhéanamh againn ar na hiarratais sin, tá sé mar aidhm againn a chinntiú go gcomhlíonann aon ghnóthais atá lonnaithe in Éirinn an t-ardchaighdeán a mbímid ag súil leis ó aon ghnóthas údaraithe san Aontas Eorpach.

Is éard atá i gceist le Brexit “gan chomhaontú” nach mbeadh Comhaontú um Tharraingt Siar daingnithe ag an Ríocht Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach roimh Brexit.  Is dóigh go mbeadh tréimhse éiginnteachta ann dá bharr sin, ach bheadh Pleananna Gnímh Teagmhasacha i bhfeidhm sa chás sin.   Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo:

Rialtas na hÉireann

Preparing for the withdrawal of the United Kingdom from the European Union on 29 March 2019: Contingency Action Plan

Getting Ireland Brexit Ready

Brexit Contingency Action Plan

An Coimisiún Eorpach

Brexit: European Commission implements “no-deal” Contingency Action Plan in specific sectors

Mura bhfuil gnólachtaí de chuid na Ríochta Aontaithe tar éis bearta teagmhasacha a chur i bhfeidhm, caillfidh said an ceart atá acu gnó a dhéanamh in Éirinn, mura bhfuil aon chomhaontú ann idir an Ríochta Aontaithe agus an AE chun rochtain a chinntiú ar mhargaí a chéile.

Faoi láthair, tá gnólachtaí ábalta seirbhísí airgeadais a chur ar fáil ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, trí mheán Saoirse Bhunaíochta (brainse a bhunú) nó trí mheán Saoirse Seirbhísí (trí mheán an “pas” do sheirbhísí airgeadais), agus ní gá dóibh údarú a iarraidh i ngach tír.

Má bhíonn comhaontú um Tharraingt Siar ann, beidh gnólachtaí de chuid na  Ríochta Aontaithe in ann leanúint de ghnó a dhéanamh in Éirinn agus ar fud EEA trí mheán an phas sin ar feadh na hidirthréimhse (i.e. go dtí Nollaig 2020, agus an fhéidearthacht ann go gcuirfear síniú leis an bpas).

Táimid ag súil go nglacfaidh tromlach na ngnólachtaí beart cuí chun leanúint de sheirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais Eorpaigh. I gcás nach bhfuil gnólacht tar éis déileáil leis an mBanc Ceannais, scríobhamar chucu lena gcur ar an eolas go mbeidh orthu an t-údarú is gá a fháil i gcás Brexit ‘crua’ nó Brexit ‘gan chomhaontú’ chun leanúint d’fheidhmiú in Éirinn.

Tá roinnt roghanna ag gnólachtaí chun an riosca sin a mhaolú. Maidir le bainc agus cuideachtaí árachais, d’fhéadfaidís brainse a bhunú in Éirinn, más cuí.  Is féidir le cuideachta árachais a bpunann a aistriú chuig cuideachta árachais lonnaithe i gceann de na 27 mBallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Maidir le gnólachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil do thomhaltóirí Éireanancha, leanaimid d’fhaireachán a dhéanamh ar a bpleananna teagmhasacha. I gcás ina ndéanann an Banc Ceannais an gnólacht a rialáil go díreach, coimeádaimid teagmháil leis na gnólachtaí le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu.  Maidir le gnólachtaí atá á rialáil sa Ríocht Aontaithe, coimeádaimid i dteagmháil leis an Údarás um Iompar Airgeadais agus leis an Údarás um Rialáil Stuamachta sa Ríocht Aontaithe agus leis an gCoimisiún um Sheirbhísí Airgeadais i nGiobráltar.  Mar sin féin, is faoi fhreagracht gnólachtaí aonair atá sé a chinntiú go bhfuil plean cuí i bhfeidhm acu.

Árachas

Tá pleananna á gcur i bhfeidhm ag formhór na ngnólachtaí árachais a dhíolann polasaithe ón Ríocht Aontaithe nó ó Ghiobráltar chun na rioscaí a bhaineann le Brexit “crua” nó Brexit “gan chomhaontú” a laghdú.

I gcás nach nglacann gnólachtaí bearta maolaithe i gcomhair Brexit “crua” nó Brexit “gan chomhaontú” féideartha , tá rioscaí ann do chustaiméirí maidir le leanúnachas seirbhíse do chonarthaí árachais trasteorann.  D’fhéadfadh sé tionchar a imirt ar chistaiméirí ar roinnt bealaí.  Mar shampla, b’fhéidir nach mbeifí in ann polasaithe a leasú, nó éilimh a íoc a bhaineann le polasaithe a scríobhtar sula dtarlaíonn Brexit.

Ba cheart go nglacfadh do sholáthróir árachais céimeanna chun ullmhú i gcomhair Brexit 'gan chomhaontú'. Ba cheart go mbeadh do sholáthróir in ann sonraí a shocruithe teagmhasacha a chur ar fáil duit.

Má tá amhras ort faoi do pholasaí árachais, ba cheart go mbeadh do sholáthróir in ann sonraí na socraithe atá aige chun leanúnachas seirbhíse a chinntiú a chur ar fáil duit. 

Má tá imní ort maidir le do pholasaí árachais, ba cheart go mbeadh do sholáthróir in ann sonraí a shocruithe a chur ar fáil duit. Ba cheart go mbeadh do sholáthróir in ann a rá leat an féidir leat polasaithe a scríobhtar roimh Brexit a leasú agus conas a íocfar éilimh a bhaineann leis na polasaithe sin.

Ón uair a vótáil an Ríocht Aontaithe chun an tAontas Eorpach a fhágáil, tá an Banc Ceannais ag coimeád i dteagmháil le cuideachtaí árachais a dhéanann gnó in Éirinn. Leagann an Banc Ceannais amach dóibh gur gá dóibh pleananna teagmhasacha a bheith acu chun leanúnachas seirbhísí a chinntiú.

De bharr ábhar imní a bheith ann faoin méid ullmhúcháin atá déanta, ag deireadh 2018, thug an Banc Ceannais treoir do ghnóthais árachais agus do bhróicéirí:

  • Bearta teagmhasacha cuí a ghlacadh le leanúnachas seirbhísí a chinntiú do pholasaithe árachais trasteorann idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
  • Tomhaltóirí agus tairbhithe atá acu cheana féin agus tomhaltóirí agus tairbhithe nua a chur ar an eolas maidir le himpleachtaí na mbeart teagmhasach sin
  • Eolas soiléir a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir leis na bearta teagmhasacha atá glactha nó atá á bpleanáil agus an éifeacht a bheidh acu ar pholasaithe.

Lena chois sin, oibríonn an Banc Ceannais go dlúth le rialtóirí sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip chun faisnéis a mhalartú maidir le pleananna gnólachtaí agus na bearta atá de dhíth chun dul i ngleic le haon ábhar imní atá ann i dtaca le cosaint tomhaltóirí.

D’oibrigh an Banc Ceannais go dian leis an Roinn Airgeadais chun tomhaltóirí seirbhísí airgeadais a chosaint i gcás Brexit “crua” nó Brexit “gan chomhaontú”. Le forálacha an Bhille um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2019, ceadaítear creat sealadach imeachta , lena gceadaítear d’árachasóirí agus do bhróicéirí ar leith ón Ríocht Aontaithe agus ó Ghiobráltar leanúint de fhreastal ar chonarthaí árachais atá anois ann le sealbhóirí polasaithe Éireannacha i gcás Brexit “crua” nó Brexit “gan chomhaontú”. Ní cheadaítear do ghnólachtaí leis an reachtaíocht sin gnó nua a scríobh lena n-áirítear polasaithe atá anois ann a athnuachan; baineann sí go sonrach le freastal ar chonarthaí (polasaithe) a bhí i bhfeidhm roimh Brexit.

Baincéireacht

Beidh tionchar ag Brexit ar bhainc, amhail comhlachtaí eile, go háirithe ar na bainc sin a bhfuil risíochtaí acu sa Ríocht Aontaithe.Tá an Banc Ceannais agus Sásra Maoirseachta Aonair an Bhainc Cheannais Eorpaigh ag obair le cinntiú go bhfuil straitéisí agus bearta soiléire ag bainc chun dul i ngleic le saincheisteanna a thiocfaidh chun cinn de bharr Brexit, go háirithe i ngeall ar an bhféidearthacht go mbeadh Brexit “crua” nó Brexit “gan chomhaontú” ann. Áirítear leis sin:

  • Bainistiú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag rísíochtaí do mhargaí na Ríochta Aontaithe.
  • Bainistiú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon éifeacht iarmhartach diúltach ar gheilleagar na hÉireann.
  • Bainistiú a dhéanamh ar chonstaicí rialála ar aistrithe idir gnóthais san Aontas Eorpach agus gnólachtaí sa Ríocht Aontaithe.

Leanann an Banc Ceannais de theagmháil a choimeád le bainc le cinntiú go dtugann siad aghaidh mar is cuí ar na rioscaí a bhaineann le Brexit agus go ndéileálann siad lena gcustaiméirí ar bhealach réamhghníomhach. Sa bhreis air sin, leanann an Banc Ceannais d’fhaireachán a dhéanamh ar athléimneacht na mbanc le cinntiú go bhfuil dóthain acmhainní airgeadais agus cumas oibríochtúil acu le leanúint d’fheidhmiú go héifeachtúil.

Má tá cuntas agat le banc atá údaraithe ag an mBanc Ceannais le haghaidh gnó baincéireachta a dhéanamh in Éirinn, níor cheart go mbeadh tionchar ag Brexit ar an gcuntas sin. Is féidir teacht ar liosta na mbanc údaraithe anseo.

Má tá cuntas agat le banc atá údaraithe sa Ríocht Aontaithe, ba cheart go mbeadh céimeanna cuí á nglacadh ag do bhanc le hullmhú i gcomhair Brexit 'gan chomhaontú'. Más rud é go bhféadfaí tionchar a imirt ar do chuntas, ba cheart go mbeadh do bhanc tar éis teagmháil a dhéanamh leat cheana féin. San áireamh leis sin tá fochomhlachtaí sa Ríocht Aontaithe de bhainc Éireannacha agus brainsí de bhainc ón Ríocht Aontaithe atá ag feidhmiú in Éirinn. Má tá amhras ort faoi seo, molaimid duit teagmháil a dhéanamh le do bhanc le fiosrú cén pleananna atá i bhfeidhm acu.

Ní bheidh. Nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach, ní bheidh taiscí i gcuntais i mbrainsí d’institiúid creidmheasa Éireannach sa Ríocht Aontaithe cumhdaithe faoi Scéim Ráthaíochta Taiscí na hÉireann. Meastar go n-iompóidh mbrainsí d’institiúid creidmheasa Éireannach sa Ríocht Aontaithe ina mbaill de Scéim Ráthaíochta Taiscí na Ríochta Aontaithe, a nglaoitear an Financial Services Compensation Scheme (FSCS) air.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.fscs.org.uk

Infheistíochtaí

Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta de chuid na Ríochta Aontaithe a bhfuil cliaint Éireannacha acu ag glacadh na gcéimeanna is gá le hullmhú i gcomhair na féidearthachta go dtarraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas Eorpach gan comhaontú daingnithe a bheith i bhfeidhm. Molaimid duit teagmháil a dhéanamh le do ghnólacht le fiosrú cén pleananna atá i bhfeidhm acu.

Córais Íocaíochta

Maidir le haon saincheisteanna a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar na príomhchórais íocaíochta a fhreastalaíonn ar mhargadh na hÉireann agus/nó ar úsáideoirí seirbhísí íocaíochta Éireannacha, measaimid go bhfuil na saincheisteanna sin maolaithe go héifeachtach.

I gcás Brexit “crua” nó Brexit “gan chomhaontú” áfach, d’fhéadfadh go gcuirfí isteach ar roinnt seirbhísí arna soláthar ag bainc, institiúidí íocaíochta agus institiúidí r-airgid de chuid na Ríochta Aontaithe, mura bhfuil bearta maolaithe glactha ag na gnólachtaí sin de bharr caillteanais ceart pas. I gcás nach bhfuil gnólachtaí íocaíochta tar éis déileáil leis an mBanc Ceannais, scríobhamar chucu lena gcur ar an eolas go mbeidh orthu an t-údarú, nó na húdaruithe, cuí a bheith acu le leanúint d’fheidhmiú in Éirinn i gcás Brexit “crua” nó Brexit “gan chomhaontú”.

De bharr SEPA, is féidir íocaíochtaí miondíola gan airgead tirim a dhéanamh ar fud AE agus EEA faoi na coinníollacha agus téarmaí bunúsacha céanna.

Ar an 7 Márta, ceadaíodh iarratais na Ríochta Aontaithe fanacht taobh istigh de raon feidhme tíreolaíoch scéimeanna SEPA. Ciallaíonn sé sin gur féidir leanúint d’íocaíochta a dhéanamh do ghnólachtaí de chuid na Ríochta Aontaithe trí mheán na socruithe atá ann cheana féin.

Geilleagar na hÉireann

Tá sé soiléir go bhfuil freagracht ar an mBanc Ceannais aghaidh a thabhairt ar impleachtaí Brexit don chóras airgeadais.  Tá san áireamh leis sin cur chuige dian agus éifeachtúil maidir le húdarú agus maoirsiú gnólachtaí atá ag iarraidh oibríochtaí a bhunú nó a leathnú in Éirinn.  Chomh maith leis sin tá freagracht orainn measúnú a dhéanamh ar na rioscaí cobhsaíochta airgeadais a bhaineann le Brexit mí-ordúil, agus na rioscaí sin a mhaolú.

Pé cineál Brexit a bheidh ann, beidh tionchar diúltach aige ar Éirinn. Tá éiginnteacht ann fós maidir le cé chomh mór is a bheidh an tionchar, rud a bhaitheann ar am agus cineál na n-athruithe ar shocruithe trádála chomh maith leis an gcumas a bheidh ann an geilleagar a chur in oiriúint do na socruite nua sin.

Tagann rioscaí eacnamaíocha chun cinn ó rísíochtaí díreacha do mhargadh na Ríochta Aontaithe ach tá rísiochtaí indíreacha ann freisin.  Mar shampla, tá mórán gnólachtaí in Éirinn leochailleach do bhriseadh i slabhraí soláthair idirnáisiúnta agus do mhéadú ar iomaíocht ó ghnólachtaí sa Ríocht Aontaithe, i gcás laghdú géar eile ar steirling.

Má bhíonn tréimhse fhada éiginnteachta ann maidir le todhchaí an chaidrimh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, imreoidh sé sin éifeacht díspreagtha ar phleananna infheistíochta agus bheadh baint aige sin le laghdú praghais ar raon leathan sócmhainní.

D’imreodh Brexit “crua” – ina ndéanfadh an Ríocht Aontaithe trádáil de réir rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála – an tionchar diúltach is mó ar gheilleagar na hÉireann.

Fiú má bhíonn Brexit níos fabhraí ann ina mbeadh margadh saorthrádála agus socrú aontais custaim, laghdófaí aschur i ngeilleagar na hÉireann agus thiocfadh ardú ar dhífhostaíocht.

De réir mar atá Brexit ag teannadh linn, tá seans ann go n-eascróidh luaineacht eacnamaíoch agus airgeadais bhreise as réiteach na héiginnteachta reatha maidir leis an gcineál caidrimh a bheidh idir an Ríocht Aontaithe agus AE amach anseo, go háirithe más dóichí ná a mhalairt go mbeidh Brexit níos déine ann.

Féach freisin: