Euro Digiteach
Á aithint dóibh gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ina mbaineann bainc cheannais croí-fheidhmeanna agus príomhchuspóirí amach i bhfianaise geilleagar digiteach atá ag forbairt, tá breithniú á dhéanamh ag roinnt banc ceannais ar an bhféidearthacht maidir le hAirgeadra Digiteach Banc Ceannais (CBDC) a eisiúint.
I gcomhthéacs Eorpach, tá an Banc Ceannais Eorpach (BCE) ag obair i gcomhar le bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro (Banc Ceannais na hÉireann san áireamh) chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le CBDA a eisiúint – euro digiteach.
Cad is euro digiteach ann?
Euro digiteach bainc ceannais a bheadh sa euro digiteach (cosúil le nótaí bainc fisiciúla agus boinn fhisiciúla euro), ach amháin go ndéanfaí é a thairiscint i bhfoirm dhigiteach. Bheadh sé mar choibhéis leictreonach le hairgead tirim agus mar chomhlánú ar nótaí bainc agus boinn, seachas mar ní a chuirfear in ionad airgead tirim. Bheadh euro digiteach ina ionstraim íocaíochta a bheadh gasta, slán agus éasca le húsáid, agus bheadh sé ar fáil lena úsáid ag saoránaigh agus ag gnóthaí Eorpacha le haghaidh gnáthíocaíochtaí ar fud an limistéir euro. Chinnteodh euro digiteach go mbeadh rochtain ag saoránaigh an limistéir euro i gcónaí ar mhodh íocaíochta don ré dhigiteach a mbeadh glacadh leis go forleathan, agus a bheadh sábháilte agus iontaofa.
Cad a bheadh i gceist domsa le euro digiteach?
Thabharfadh euro digiteach níos mó roghanna íocaíochta duit, agus bheadh sé ina chomhlánú ar airgead tirim agus seirbhísí íocaíochta eile. Beidh sé ar fáil le haghaidh gnáthíocaíchtaí laethúla, amhail aistriú airgid ("ó dhuine go duine"), chun íoc as rudaí i siopaí agus i mbialanna, chun íoc as rudaí ar líne, nó chun íocaíochtaí a dhéanamh le húdaráis phoiblí.
- Glacadh uilíoch
D’fhéadfá euro digiteach a úsáid chun íoc as earraí agus seirbhísí in aon ghnó sa limistéar euro a ghlacann le modh íocaíochta digiteach cheana féin (amhail íocaíochtaí cárta creidmheasa nó dochair).
- Ar fáil as líne
Faoi láthair, bíonn nasc idirlín nó líonra mhóibíligh ag teastáil chun glacadh le híocaíochtaí cártaí dochair agus creidmheasa agus chun iad a phróiseáil. Bheadh euro digiteach ábalta feidhmiú in éagmais naisc den sórt sin, cosúil le nótaí bainc agus boinn.
- Úsáid bhunúsach saor in aisce
Is leas phoiblí a bheadh sa euro digiteach, agus cosúil le nótaí bainc agus boinn, bheadh gach duine sa limistéar euro ábalta íoc leis an euro digiteach saor in aisce.
- Slán agus Príobháideach
Fiú nuair a úsáideann tú euro digiteach ar líne, ní fhéadfaidh an tEurochóras tú a aithint bunaithe ar do chuid íocaíochtaí. Trí euro digiteach a úsáid as líne, beidh príobháideacht agat mar a bheadh agat le hairgead tirim.
- Luach ráthaithe
Beidh luach euro dhigitigh tairiseach - beidh aon euro digiteach amháin comhionann le haon bhonn euro amháin i gcónaí.
Beidh tú in ann cuntas euro dhigitigh a oscailt i mbanc nó in aon soláthraí seirbhísí íocaíochta eile, amhail institiúid íocaíochta agus institiúidí airgid leictreonaigh.
I gcás nach mbeidh cuntas bainc nó cuntas íocaíochta agat, nó nach mian leat cuntas euro dhigitigh a oscailt le banc nó le soláthraí seirbhísí íocaíochta, is féidir leat eintiteas poiblí eile a úsáid, ar eintiteas poiblí é a bheidh ainmnithe ag do Bhallstát, amhail oifig an phoist. Is féidir leat do sholáthraí a athrú aon am is mian leat freisin.
I gcás nach mbeidh do sholáthraí seirbhísí íocaíochta ábalta rochtain ar do chuntas euro dhigitigh a chinntiú a thuilleadh, beidh meicníocht uathoibríoch ann chun a chinntiú go mbeidh rochtain agat ar do euro digiteach le cúnamh ó idirghabhálaí príobháideach eile.
Má ghlactar cinneadh sa todhchaí euro digiteach a eisiúint, bheadh sé ar an tionscadal ba mhó ar thug an tEurochóras faoi ó seoladh an t-airgeadra aonair agus d’fhéadfadh impleachtaí suntasacha a bheith aige do shaoránaigh, do ghnóthaí agus don chóras airgeadais. Dá bhrí sin, sula ndéanfar aon chinneadh euro digiteach a thabhairt isteach, déanfaidh an tEurochóras, an Coimisiún Eorpach agus na bainc cheannais agus rialtais i dtíortha uile an limistéir euro breithniú cúramach ar na tairbhí intuartha agus na míbhuntáistí ionchasacha go léir.
Cén fáth an bhfuil an tEurochóras ag déanamh imscrúdú air seo?
Timpeall na cruinne, tá breithniú á dhéanamh ag bainc cheannais i dtaobh CBDCanna a eisiúint, agus conas a dhéanfaí iad a eisiúint, ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear na cinn seo a leanas:
- Chun dul i ngleic leis an laghdú atá tagtha ar airgead tirim a úsáid
- Catalaíoch a sholáthar chun geilleagair a dhigitiú
- Cuimsiú airgeadais a mhéadú agus
- Iomaíocht sna seirbhísí íocaíochta a chur chun cinn.
San Eurochóras, d’fhéadfaí tacú le cuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh go forleathan trí euro digiteach a eisiúint, lena n-áirítear digitiú an gheilleagair Eorpaigh agus ról idirnáisiúnta an euro a chothú. D’fhéadfadh euro digiteach freisin, cabhrú chun dul i ngleic leis an laghdú atá tagtha ar airgead tirim a úsáid mar mhodh íocaíochta agus chun gnáthsholáthar seirbhísí íocaíochta a chinntiú.
Tionscadal BCE maidir le euro digiteach
I mí Dheireadh Fómhair 2021, sheol an tEurochóras céim imscrúdaithe dhá bhliain chun roghanna féidearthacha teicniúla agus beartais a scrúdú, roghanna a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn le euro digiteach a dhearadh. San imscrúdú seo, breithníodh conas a dhéanfaí euro digiteach a dháileadh ar shaoránaigh agus ar ghnóthaí agus conas a d'fhéadfaidís é a úsáid, agus an tionchar ionchasach a d’fhéadfadh a bheith aige ar gheilleagar agus ar shochaí na hEorpa. Tá an tuarascáil seo a leanas ina dtugtar achoimre ar an gcéim imscrúdaithe agus ar an ionchas don chéad chéim eile foilsithe ag an Eurochóras:
Athbhreithniú ar an euro digiteach
An 18 Deireadh Fómhair, chinn Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) go rachfaí ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile de thionscadal an euro dhigitigh: an chéim ullmhúcháin, tar éis an chéim imscrúdaithe a bheith curtha i gcrích.
Cuireadh tús leis an gcéim ullmhúcháin an 1 Samhain 2023 agus mairfidh sé dhá bhliain. Is iad seo a leanas roinnt de phríomhspriocanna inghnóthaithe na céime seo:
- Bailchríoch a chur ar leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh
- Soláthraithe a roghnú chun ardán agus bonneagar don euro digiteach a fhorbairt
- Tástáil agus triail chun euro digiteach a fhorbairt lena bhfreastalófar ar riachtanais an Eurochórais agus riachtanais úsáideoirí, mar shampla i dtéarmaí eispéarais úsáideoirí, na príobháideachta, ionchuimsiú airgeadais agus lorg comhshaoil
- Rannpháirtíocht bhreise leis an bpobal agus leis na rannpháirtithe leasmhara go léir
Le linn na céime ullmhúcháin, foilseoidh BCE tuarascálacha tréimhsiúla ar an dul chun cinn atádéanta le linn na céime seo:
An chéad tuarascáil faoi dhul chun cinn ar chéim ullmhúcháin an euro dhigitigh
I mí Dheireadh Fómhair 2025, déanfaidh Comhairle Rialaithe BCE cinneadh i dtaobh gluaiseacht i dtreo an chéad chéim eile de na hullmhúcháin, chun an bealach a réiteach d’eisiúint ionchasach agus d’fheidhmiú céimneach an euro dhigitigh amach anseo.
Ní hionann seoladh na céime ullmhúcháin agus cinneadh chun euro digiteach a eisiúint. Is í an Chomhairle Rialaithe amháin a bhreithneoidh an cinneadh sin a luaithe a bheidh próiseas reachtach an Aontais Eorpaigh tugtha chun críche. Cuirfidh BCE san áireamh aon choigeartuithe a d’fhéadfadh a bheith riachtanach mar thoradh ar an bplé reachtach.
Cad é an togra reachtach ón gCoimisiún Eorpach maidir le euro digiteach?
An 28 Meitheamh 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra reachtach maidir le creat dlíthiúil a bhunú le haghaidh euro digiteach ionchasach.
Sa togra reachtach, moltar stádas dlíthairgthe le laghaidh euro digiteach ionchasach, rud a chinnteodh go mbeadh glacadh forleathan leis mar mhodh íocaíochtaí ar fud an limistéir euro. Ina theannta sin, tacaíonn sé leis an tuairim gur ceart go mbeadh seirbhísí euro digiteach saor in aisce do dhaoine, rud a léireodh a stádas mar ní a rachadh chun leasa an phobail agus a bheadh ag teacht leis taithí a bhíonn ag daoine ar airgead tirim.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an togra reachtach, féach Pacáiste an Euro Dhigitigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil?
I dteannta bhainc cheannais náisiúnta an Eurochórais, cuirfidh BCE nuashonruithe ar fáil maidir le tionscadal an euro dhigitigh de réir mar a dhéanfar dul chun cinn leis an obair.
Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le hAonad an Euro Dhigitigh de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann ag: [email protected].
Féach freisin: